Cuireann Mental Health Reform, an chónaidhm meabhairshláinte náisiúnta, fáilte roimh chinneadh an Rialtais ar bheartas nua sláinte mheabhrach na hÉireann
Ag labhairt ar maidin, deir CEO Mental Health Reform, Fiona Ni Giolla Comhaill;
‘Cuireann muid fáilte roimh an gcéim thábhachtach a ghlac an Rialtas aréirr maidir le beartas náisiúnta sláinte mheabhrach nua na hÉireann a cheadú. Chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí sláinte mheabhrach againn, atá tuillte ag Éirinn, tá sé riachtanach go bhfuil beartas fóirsteaneach i bhfeidhm.Taispeánann an cinneadh seo an tosaíocht a chaithfimid a thabhairt do sheirbhísí sláinte meabhrach go hairithe i gcomhthéacs COVID-19 san áireamh.
Éilímid ar an Rialtas an doiciméad seo a fhoilsiú láithreach bonn chun go léireofar agus go mbeidh dóthain acmhainní i gclár ionchasacha an Rialtais.
Táimid ag tráth ríthábhachtach do sheirbhísí sláinte mheabhrach in Éirinn. Tá comhaontú polaitiúil againn go gcaithfimid freastal níos fearr ar riachtanais sláinte mheabhrach na tíre; caithfidh fís chomhroinnte a bheith again, agus caithfimid oibriú le chéile anois chun í a sholáthar’